Home > Author > >

" Mo Sheanmháthair

Ar ais arís lá breá Lúnasa
Canach geosadáin ar foluain
Ar chuile leoithne ghaoithe
Do theach ina sceatraigh
Na cróite ina snaois,
Airím arís ceol na mblianta dearmadta,
Drumadóireacht an bhanna práis
Ag máirseáil síos an bóthar,
Tusa led' sciortaí ardaithe
Ag damhsa ar an screabán
Do sheachtar óg
Náire shaolta fút
Ina bhfál ceilte os do chomhair
Le nach bhfeicfeadh na comharsain
Meidhréis do dhamhsa. "

, INNTI: Uimhir a ceathair déag

Image for Quotes

quote : Mo Sheanmháthair

Ar ais arís lá breá Lúnasa
Canach geosadáin ar foluain
Ar chuile leoithne ghaoithe
Do theach ina sceatraigh
Na cróite ina snaois,
Airím arís ceol na mblianta dearmadta,
Drumadóireacht an bhanna práis
Ag máirseáil síos an bóthar,
Tusa led' sciortaí ardaithe
Ag damhsa ar an screabán
Do sheachtar óg
Náire shaolta fút
Ina bhfál ceilte os do chomhair
Le nach bhfeicfeadh na comharsain
Meidhréis do dhamhsa.